Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 15:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 A dubhairt an rígh mar an gcéadna re Sádoc an sagart, Nach fear fise thúsa? fill don chathruigh a siothcháin, agus do dhías mac ad fhochair, Ahimaas do mhac féin, agus Ionatan mhac Abiatar.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:27
11 Tagairtí Cros  

ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: ‘Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d'athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,’ beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom.


Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.”


Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.


Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”


Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:


Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”


Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh.


Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.


Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan,


D'fhreagair seisean: “Féach, tá giolla Dé sa chathair seo, agus is duine é atá faoi dhea-cháil; tagann gach a ndeir sí i gcrích. Téimis ansiúd, más ea, agus b'fhéidir go mbeidh ar a chumas sinn a threorú san aistear atá romhainn.”


(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí