Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?
1 Ríthe 1:13 - An Bíobla Naofa 1981 Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eirigh agus imthigh a steach go Dáibhi rígh, agus abaír ris, Nach dtug tusa, do mhionna, mo thighearna, ó a rígh, dot bhanoglaich, dha rádh, Go deimhin biáidh do mhac Solamh na rígh am dhiáighsi, agus suighfidh sé am chathaoir ríogha? maiseadh cred fá bhfuil Adoniiah na rígh? |
Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?
Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.”
“A thiarna,” ar sí, “mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: ‘Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.’
“A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’?
cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”
Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”
agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean.
Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.
Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó.
ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.
Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo - as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach - a scríobh dó féin i leabhar;