Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 1:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 “A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus a dubhairt Nátan, O mo thighearna, a rígh, a ndubhairt tusa, Biáidh Adoniiah na rígh am dhiáigh, agus suighfidh sé ann mó chathaóir ríogha?

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 1:24
5 Tagairtí Cros  

“Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí.


Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’


Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí