Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
1 Eoin 5:8 - An Bíobla Naofa 1981 an Spiorad agus an t‑uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá na trí fhinné ann, an Spiorad, an t-uisce, agus an fhuil; agus tá na trí ní ag cur le chéile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá triúr ann do‐bheir fiadhnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an fhuil: agus cuireann an triúr le chéile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal. |
Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach.
Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.
ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.
Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.
Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh
An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.