Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
1 Eoin 3:9 - An Bíobla Naofa 1981 Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ní bhíonn aon duine dár gineadh ó Dhia ag déanamh peaca; mar fanann nádúr Dé ann, agus ní féidir leis peaca a dhéanamh ó gineadh ó Dhia é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh. |
Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt.
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia.
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann?
Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.
le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire
Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.
Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.
Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.
Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.
Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.
Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.
A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.