Ainriail in Iarúsailéim1 Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua, ag dul an uile chrann taca a bhaint de Iarúsailéim agus de Iúdá, (taca aráin agus taca uisce); 2 gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh, fear feasa, seanóir, 3 ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard. 4 “Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh, agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.” 5 Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile agus sin idir comharsana; an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine, agus an daoscar leis an uasal, 6 ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: “Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.” 7 Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: “Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.” 8 Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir. 9 A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin. 10 Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha; 11 Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.” 12 A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat. 13 Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais, tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú. 14 Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. “Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe. 15 Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua. Aitheasc do na Mná16 Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise, 17 Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.” 18 Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní, 19 bráisléid, caillí, filléid, 20 cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí, 21 fáinní, sróiníní, 22 éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin, 23 scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn. 24 In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg. Baintreacha Iarúsailéim25 Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh, agus do ghaiscígh sa choimheascar. 26 Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart