Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: “Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Annsa ló sin do bhéara a mhionna, dha rádh, Ní bhía mé am fhear leighis; óir ní bhfuil bíadh no éadach ann mo thigh: ná déanuidh úachdarán díomsa ar an bphobal.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 3:7
10 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,


Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.


Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!


Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?


Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.


Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.


“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.


Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl? Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?


Sea, ardaím mo lámh chun neimhe, agus mionnaím dar mo bheo go deo:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí