Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 3:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus tiucfa a ccrích, ar son an bholaidh mhaith go mbía bréantas; agus a náit an chreasa go mbía réubadh; agus a náit na gruáige cóirighthe maóile; agus a náit a nuchtaigh crioslughadh saicéaduigh: agus losgadh a náit na sgéimhe.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 3:24
28 Tagairtí Cros  

D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach.


Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol, agus tugann sí criosanna don cheannaí.


Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal mar chumhráin ar mo leaba.


Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;


sna sráideanna tá éadach róin orthu, agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh. Sna cearnóga tá gach aon ag olagón agus an gol ag briseadh orthu.


Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.


scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.


Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,


Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic, ag stealladh cumhrán ort féin; chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin, chuir tú iad síos go Seól fiú.


Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.


Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.


Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.


Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.


Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon, crioslóidh iad féin le sacéadach, caoinfidh siad ar do shon le doilíos croí go géar goirt.


Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.


Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadach ar son céile a hóige.


ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.


Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.


Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.


Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde.


Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.


Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram,


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.


Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí