Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Irimia 18 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Irimia 18

Cuairt Irimia ar an bPotaire

1 An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:

2 “Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.”

3 Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.

4 Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh.

5 Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam:

6 “rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.

7 Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;

8 ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.

9 Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú;

10 ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n‑umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu.

11 Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’

12 Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’ ”

Tréigean Iosrael

13 “Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.

14 An n‑imíonn sneachta na Liobáine ón gcarraig bheannach? An dtéann na huiscí maorga a bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?

15 Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise! Loscann siad a dtúis do neamhní! D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh, ag gabháil na seanbhóithre, ag siúl dóibh sna cosáin chama, ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.

16 Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.

17 Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh, ar lá a dtruamhéile.”

Comhcheilg in Aghaidh Irimia

18 “Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

19 Tabhair cluas dom, a Thiarna, éist le céard tá á rá ag mo naimhde.

20 Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.

21 Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.

22 Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d'fholaigh siad líonta do mo chosa.

23 Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat, do mo mharú. Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc. Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d'aigne, nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú d'fhearg orthu.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart