Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 18:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Eírigh, imthigh síos go tigh an photadóra, annsin do bhéara mé ort mo bhríathra do chlos.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 18:2
10 Tagairtí Cros  

San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.


Dúirt an Tiarna é seo liom: “Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.”


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:


Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.


An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.


Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”


Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí