Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Iób 34 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Iób 34

Theip ar an Triúr

1 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:

2 Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.

3 Óir déanann an chluas briathra a phromhadh, Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.

4 Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart; Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.

5 Dúirt Iób: “Táimse fíréanta, Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.

6 Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”

7 An bhfuil a lán de leithéid Iób ann, A shlogann an sciolladh mar uisce?

8 Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc Agus a shiúlann le hurchóidigh?

9 Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”

10 Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.

11 Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.

12 Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;

13 Cé chuir an chruinne faoina chúram Agus an saol mór ina iontaoibh?

14 Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

15 Gheobhadh gach feoil bás, Agus d'fhillfeadh an duine ar an gcré.

16 Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:

17 An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas? An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?

18 An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí, Agus “coirpeach” ar thaoiseach,

19 Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.

20 Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;

21 Óir tá súil aige ar iompar an duine, Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.

22 Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.

23 Óir ní dhearna sé coinne d'aon duine Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.

24 Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh, Agus cuireann dream eile ina n‑áit.

25 Tá fios a mbeart aige, Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.

26 Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.

27 “D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú, “Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,

28 I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.

29 D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,

30 Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.

31 Má deir duine le Dia: “Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.

32 Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”

33 - Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú, Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna? Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh, Abair céard atá ar eolas agat.

34 An mhuintir thuisceanach go léir, Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:

35 “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób, Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”

36 Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe, Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.

37 Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca, Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc] Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart