Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 34:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca, Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc] Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Oír cuiridh sé míríaghuil a cceann a pheacuidh, buailidh sé a bhasa ar measg, agus méaduighidh sé a bhríathra a naghaidh Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 34:37
11 Tagairtí Cros  

Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m'osnaíl.


Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é, Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.


Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:


Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal, Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.


Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.


Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!


Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí