A chara, smaoinigh ar an mbeatha shíoraí atá agat inniu – is le híobairt Íosa atá sí agat. Cé go raibh muid faoi smacht na bpeacaí, agus an dorchadas i réim inár gcroíthe, as a thoil féin a chuir Dia Íosa chugainn chun sinn a shaoradh agus sinn a thabhairt chuige féin.
Is le cumhacht mhór Dé a maiteadh do chuid peacaí, a glanadh d’uile olc, agus a ghlacadh tú mar pháiste leis. An rud a bhí faoi scáil an dorchadais tráth, tá solas Dé air anois, ag athrú agus ag athnuachan do shaoil, agus glóir Dé le feiceáil ionat.
Ó thús ama, léirigh Dia a ghrá dúinn, ag cruthú go bhfuil a chumhacht níos mó ná an peaca a scar sinn uaidh. Clúdaigh sé do bhotúin agus do lochta, ag nochtadh a thrócaire gan teorainn i gcónaí.
Mar chomhartha ar a ghrá agus a dhílseacht dúinn, chuir sé Íosa chun sinn a shlánú ó chumhacht an pheaca. Is é Íosa an droichead a thugann sinn níos gaire do Dhia, agus a thugann an cumas dúinn a bheith slánaithe agus maireachtáil ina naofacht trína íobairt.
Nuair a thuigeann tú go hiomlán an méid atá déanta ag Dia i do shaol, beidh cumhacht mhór agat. Mar sin, is ceart dúinn buíochas a ghabháil leis an Athair, onóir a thabhairt dá ainm, agus greim daingean a choinneáil ar a bhriathar. Ba chóir dúinn an fhírinne a roinnt leis na ndaoine atá caillte, chun solas a chaitheamh ar a n-intinn agus a n-anamacha a shaoradh.
Le híobairt Íosa Críost ar an chrois, táimid fuascailte, athraithe agus slánaithe inniu. Aleluia!
Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.
Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.
Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh.
Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh,
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.
Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Agus a dubhairt Iósa ris, Imthigh; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fuair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighe.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, atáim ag foillsiughadh an tsoisgéil díbh noch do sheanmhóir mé dhíbh cheana, noch do ghabhabhair chugaibh, agus ann a seasbhuighe mar an gcéudna; Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibh a ghrásasan do tiodhlaiceadh dhamh gan bhrígh; óir is mó an saothar do rinne mé ná iadsan uile: biodh nach misi fós, achd grás Dé maile riom. Uime sin giodh bé dhínn misi nó íadsan, as amhluidh so do nímíd seanmóir, agus as amhluidh so do chréideabhairsi. Agus má nithear Críosd a sheanmóir gur éiridh sé ó mharbhuibh, cionnus a deir cuid aguibhse nach bhfuil éiseirghe na marbh ann? Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, níor éiridh Críosd fós: Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmoirne agus as diomhaóineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna. Agus geibhthear sinne fós ar bhfínné bréige ar Dhía; óir do rinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh: an tí nár dhuisigh sé, muna neíseirghid na mairbh. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós: Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh. Agus tré a slánaighthear sibh fós, da gcongmhuidh sibh an bhríathar ionar sheanmóir mé dhíbh é, munar chreideabhair go diomhaóin.
Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.
A THIGHEARNA a Dhé na slógh, iompóigh arís sinn, agus taisbéin haghaidh dhúinn; agus bíam slán.
Oír isé an TIGHEARNA ar mbreitheamh, isé an TIGHEARNA tabharthach ar ndlighe, isé an TIGHEARNA ar rígh; cuimhdeochuidh sé sinn.
Agus a ndiáigh na neítheannsa dó chúala mé gúth árd buidhne móire ar neamh, ag rádh Alleluía; Slánughadh, agus glóir, agus onóir, agus cúmhachda, don Tíghearna ar Ndíane:
Agus do chúala mé gúth mór ar neamh, ag rádh, A nois atá slánughadh, agus neart, agus ríoghachd ar Ndéine, agus cumhachda a Chríosdsan: óir do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbhraithreach, noch do bhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé.
A fheara agus a dhearbhraithreacha, chlann fíne Abraham, agus an mhéid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is chugaibhse do cuireadh bríathar na sláintese.
Mar naóidheanuibh núaidhbheartha, bíodh fonn aguibh a mbainne fhíorghlan na bréithre, chum bheith dhíbh ag fás ris:
Adhraigh sibhse an ní nach fios díbh: adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaidhibh atá sláinte
Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
Uime sin iomchruim na huile neither ar son na druinge atá ar na dtogha, chuni an tslánaighthe atá a Niósa Críosd do ghnódhughadh dhóibhsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruidhe.
An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá, Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal. Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Uimesin féuchfa misi chum an TIGHEARNA; feithmhidh mé air Dhía mo shlánuighthe: cluinfidh mo Dhía mé.
Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Agus a deir an Sbiorad agus an bhean núadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh.
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Is misi an dorus, gidh bé neach rachas a steach thríomsa, slaíneochthar é, agus rachuidh sé a steach agus amach, agus do ghéubha sé inbhear.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Is misi, misi féin, an TIGHEARNA; agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil áon slánaightheoir ann.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh. Chum oighreachda neamhthruailligh, gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomhairse. Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Fúasgluidh an TIGHEARNA аnam а sheirbhíseach: agus ní scriosfuighthear an mhéid chuirfios a ndóigh ann.
Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir; Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.