Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


113 Dánta sa Bhíobla faoi Neamhchreideamh

113 Dánta sa Bhíobla faoi Neamhchreideamh

A chara, níl Dia sásta leo siúd nach gcreideann ann. Tá sé ag súil go gcreidfidh a chuid páistí go daingean ina bhriathar agus i ngach geallúint dá chuid.

Má tá easpa creidimh agat i nDia, taispeánann sé sin an caidreamh lag atá agat lena Spiorad Naomh. Trí fhuil Íosa, taispeánfaidh Spiorad Dé duit i gcónaí gnéithe den Dia uilechumhachtach, Dia nach bhfuil aon rud dodhéanta dó.

Nuair a nochtar a mhórchumhacht, athraíonn do smaointe agus athnuaitear d’intinn. Ní labhróidh tú mar a labhair tú roimhe, agus tú cinnte, cé nach bhfeiceann do shúile an rud atá á lorg agat, go dtarlóidh sé i ndeireadh na dála.

Níl Dia ag iarraidh go mbeadh a phobal gan chreideamh. Tá sé ag iarraidh ort siúl le creideamh, gan a bheith ag brath ar réasúnaíocht ná ar chúinsí, ach ag cothú tú féin le a chuid focal gach lá.

Cuireann an easpa creidimh bac ort ó na beannachtaí go léir atá Dia ag iarraidh a thabhairt duit. Scarann sé tú óna thoil agus cuireann sé ort a dhéanamh an rud a shíleann tú atá ceart. Cuireann sé ort smaoineamh nach bhfuil Dia in ann cabhrú leat nó nach bhfuil cúram air faoin méid atá ag titim amach duit, ag goid do dhóchais agus ag cur bróin ar do chroí mar gheall ar na rudaí diúltacha atá thart timpeall ort.

Tá Dia ag iarraidh ort a bheith saor ón easpa creidimh inniu agus eolas ceart a bheith agat air. Guigh ina láthair go dtí go n-osclófar do shúile agus go bhfeicfidh tú é. Iarr ar Dhia do chluasa a oscailt agus tú a dhéanamh aireach ar a scrioptúr. Ar an gcaoi sin, ní bheidh amhras ort arís faoi na pleananna atá aige duit féin agus do do chlann.




Eabhraigh 11:6

Achd a bhféugmhuís chreideimh ní féidir taitneamh ris: oír an tí thig chum Dé is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhairt sé lúach sáothar don druing íarras é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 10:17

Uime sin is tré éisdeachd thig an creideamh, agus an téisdeachd tré bhréithir Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 78:22

Do bhrígh nar chreidiodar a Ndía, agus nar chuireadar a ndóigh iona shlánughadh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 20:27

Na dhiaigh sin a dubhairt sé ré Tomás, Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha; agus tabhair do lámh leachd, agus cuir ann mo tháobh í: agus na bí míchreidmheach, achd créidmheach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:6

Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 17:20

Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:23

Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 5:10

An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 95:10

Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 10:26

Gidheadh ní chreidtísi, oír ní dom cháorchaibh sibh, mar a dubhairt mé ribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 4:1

Eisd riom a nuáir ghoirfead, ó a Dhé mfíréantachda: dfuáscuil tú mé an tan do bhí mé a ccumhgach; déan trócaire orum, agus éist murnaigh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 5:38

Agus ní bhfuil a bhríatharsan na chomhnuighe íonnuibh: oír ní chreidthi, don té do chuir seision úadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 5:7

(Oír as do reír chreidimh shiúbhlamáoid, agus ní do réir radhairc:)

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 13:58

Agus ní dhearnuidh sé mórán miorbhuileadh ann sin air son a míchreidimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 13:19

Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 14:31

Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 11:20

Is maith sin; is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh. Ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 3:18

An té chreideas ann ni damantar é: achd an té nach ccreideann ata sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréideann atá sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréid sé a nainm áoingheine Mhic Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 16:16

Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:22-23

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Teasalónaigh 2:12

Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 9:24

Agus ar néigheamh dathair na buachalla ar an mball, maille ré deóruibh a dubhairt sé, Creidim, a Thighearna; fóir mo mhíchreideamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 21:8

Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 3:3

Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:39

Gidheadh ní sinne an drung théid air ccúl chum dámnuighthe; achd chreideas chum a nanma shlánúghadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 4:20

Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 10:4

Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé; ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 11:23

Agus plainndéochthar íad súd a rís, achd muna bhfanuid síad a míchreideamh: óir is éidir lé Día a gcur a steach a rís.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 1:17

Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 1:37

Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 1:13

Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, agus um gherleanadóir agus um dhuine eugcórach: achd do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhíth creidimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 3:19

Agus do chímid nar bhféidir ríu dul a steach tré mhíchreideamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 21:21-22

Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta. Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 4:8

Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:66

Teagaisg dhamh tuigse mhaith agus éolus: óir do chreid mé haitheanta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 11:1

Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 14:1

Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 4:20-21

Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía; Agus do bhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur cúmhachdach é ar choimhlíonadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 146:6

Noch do rinne neamh, agus talamh, an mhuir, agus a nuile ní atá ionnta: noch chongmhas fírinne go síorruidhe:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 11:23

Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 2:13

Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 27:13

Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 53:1

Cia chreid ar niomrádh? agus cía dar foillsiughadh lámh an TIGHEARNA?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 8:25

Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid síad dó.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 4:2

Oír do seanmóruigheadh an soisgéul dúinne, amhuil do rinne dhóibhsion mar an gcéudna: gidheadh ní dheachuidh an bhríathar do chúaladar a dtarbha dhóibh, do bhrígh nách raibh sí ar na cumusg ré creideamh sa druing do chúaluidh í.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 6:36

Achd a dubhairt mé ribh, Do chunncabhair mé fós, agus ní chreidtí.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 10:32-33

Ar a nadhbharsin giodh bé aidmhéochas misi eision a bhfíaghnuisi Mathair atá ar neamh. Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 1:8

An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:24-25

Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé? Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 28:17

Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhi amharus ag cuid dióbh air.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:5

Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 14:1

A DUBHAIRT an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Atáid síad truáilligh, do rinneadar oibreacha adhfhúathmhara, ní bhfuil éainneach do ní maith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 3:5-6

Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 15:14

Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmoirne agus as diomhaóineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 9:23-24

Agus an tan tháinic Iósa go tigh a núachdaráin, agus do chunnairc se an luchd céoil agus an chuideachda ag déunamh míoshúaimhnis, A deir sé ríu, Imthighidh romhaibh: óir ní bhfuil an cailin marbh, achd na codladh. Agus do rinneadarsan fonómhad faoi.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 73:22

Agus do bhí mé brúideamhuil, agus ní raibh a fhios agam: mar na hainmhíntidh do bhí mé agadsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 100:5

Oír is maith an TIGHEARNA; is síorruidhe a thrócaire; agus a fhírinne ó ghinealach go ginealach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 6:64

Achd atáid dream dhíbhsi nach ccreideann. Oír do aithin Iósa ó thus cía hiád an dream nar chreid, agus cía bhí chum a bhraithte.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 12:28

Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:13

Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 37:5

Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 9:2

Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:23

Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 1:9

Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 2:20

Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:118

Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh: óir is neimhfhírinne an gangaid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 139:14

Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:3

Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 1:24

Ní hé gur tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cungnanta sinn do bhur ngáirdeachas: oír is tré chreideamh sheasus sibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 12:38-39

Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait. Achd ar bhreagra dhósan, a dúbhairt sé ríu, Iarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd an comhartha úd Iónas an fhaidh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 118:8

Is fearr dóigh do chur annsa TIGHEARNA ná dóigh do chur a nduine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 2:5

Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:2

Beannaigh an lucht choimhéadas a fhiadhnuiseadha, íarras é lé croidhe iomlán.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 11:32-34

Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghedéon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Iephtaé; agus ar Dháibhi, agus Shamuel, agus ar na fáidhibh: Noch tré chreideamh da bhúadhuigh ríoghachda, do oibrigh fíréuntachd, do ghnodhuigh na geallamhnacha, do sdop beóil na leomhan, Do mhúch neart na teineadh, do chuáidh as ó fháobhar an chloidhimh, tugadh ó laige go láidireachd, do rinneadh neartmhar a gcath, do chuir a dteitheamh sluáighe na neachdrannach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 1:21

Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 7:7-8

Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 8:24

Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhíbh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 9:32

Créd uime? Do bhrigh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó oibrighthibh an reachda do iarradar í. Oir fúaradar oilbhhéim fa chloich na hoilbhéime;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:7

As maith do riothabhair; cía chuir tóirmeasg oruibh fá bheith úmhal do mfhírinne?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:22

Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:30

Do thogh mé slighe na fírinne: do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo choinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 1:12

An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 18:8

A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 145:13

Is rioghacht síorruigh do rioghachtasa, agus do chumhachda tre nuile ghinealach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:13

Tig dhíom na huile neithe do dhéunamh tré Chríosd noch do neartuigheas mé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 56:4

A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 3:26

Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 23:4

Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 5:7

Téilgidh bhur nuile chúram airsion; óir is cúramach é bhur dtimchioll.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:34

Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 4:18-20

Abraham noch do chreid fa dhóthchus a naghuidh dóthchúis, go mbiadh sé na athair iomad cineadhach, do réir mar a dubhradh, Is mar sin bhías do shíolsa. Agus ar mbeith neimhmeirbh dhó a gcreideamh, níor chuir sé íona suim go raibh a chorp féin cheana gan spracadh, ar mbeith dhó a dtimcheall chéd blíadhan, na fós a neimhmbrioghmhuireachd bhronn Shára: Oír más ó oibreacha do sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhfeachuis aige; achd ní a dtáobh De. Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 10:13

Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 4:16

Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:16

Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 119:119

Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh: ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 29:25

Do bheir eagla an duine paintéur lé: acht an té chuirios dóthchus annsa TIGHEARNA, biáidh sé daingion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 41:10

¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:24

As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 14:27

Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 3:20

Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 31:14-15

Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía. Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:14-16

Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 16:8-9

Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirté, agus breitheamhnuis: A dtáobh peacuidh, ar son nach ccreidid síad ionnamsa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 1:15

Atáid na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: achd don druing atá salach agus gan chreideamh ni bhfuil éinní glan; achd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 3:12

Tuguidh aire ribh, a dhearbhráithre, nách mbiáidh dhroch chroídhe gan chreideamh ag éinneach aguibh uáir ar bith, ré dtuitfeadh sibh ón Día bheó.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 24:25

Agus a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 16:14

Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dhég do thaisbéan sé é féin dóibh, agus do chuir sé na aghaidh a míchreideamh agus a gcrúas croidhe, tré nár chreídeadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 8:45-46

Achd do bhrígh go labhruimsi an fhírinne, ní chreidtí me. Cíá dhibhsi chuireas peacadh am letih? Má a deirim a nfírinne, créd fá nach creidtí dhamh?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 4:4

Agar dháll día an tsáoghailse a ninntinn noch atá ar dhíth creidimh, ionnus nach bíadh soillse shoisgéil ghlórmhair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag dealrughadh dhóibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 8:12

Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 106:24

Agus do tharcuisnigheadar an talamh áoibhinn, níor chreideadar a bhríathar:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 78:32

Thairis so uile do pheacuigheadar fós, agus níor chreidiodar ar son a ionganta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip

Paidir chun Dé

A Dhia, go raibh míle maith agat. Is tusa mo chabhair agus mo shuaimhneas, mo dhídean sa gcruachás agus mo neart sna stoirmeacha. Buíochas leat, a Dhia mo shlánaithe, a shaorais mé ó mo chuid imní go léir. Tagaim chugat trí mo Thiarna Íosa Críost, sa tréimhse seo eagla agus amhrais. A Spioraid Naoimh, iarraim ort mé a neartú, croí a chruthú ionam is áil leat, mé a athnuachan, m’intinn a athrú, mo mheon a chlaochlú. Cabhraigh liom gach lá siúl le creideamh agus ní le radharc, a thuiscint cé go bhfuil cuma dhona ar gach rud inniu, go mbeidh gach rud ceart go leor amárach, má tá gach rud dorcha inniu, go dtiocfaidh an solas amárach. Sa nóiméad deacair seo, cabhraigh liom mo shúile a dhíriú ar do mhéid agus do chumhacht agus ní ar an gcás. Tabhair dom creideamh mór, a Thiarna, gan lagú sa bhfanacht. Tá a fhios agam cé a gcreidim ann, ach admhaím, a Dhia ghrámhar, go bhfuilim in amhras uaireanta faoi do bhriathar, go bhfuil sé deacair orm greim a choinneáil ort. Deir do bhriathar: "Féachaigí, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, nach bhfuil croí olc míchreidmheach in aon duine agaibh le titim amach ón Dia beo." A Athair, cabhraigh liom gan dul ar strae i ndiaidh fonn agus mianta an tsaoil seo ach teacht slán as an míchreideamh seo agus a thuiscint nach bhfuil aon stoirm níos mó ná tusa. Athraigh mo smaointe agus glan mo chroí ón dá-intinn. Dearbhaím go bhfuil mé saor ón amhras, ón eagla, ón míchreideamh agus ó gach rud ar mian leis mé a scaradh ó mo chruthaitheoir agus mo Dhia. Is leatsa an ghlóir agus an onóir go léir, a Thiarna. In ainm Íosa. Áiméan.
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí