Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


51 véarsaí Bíobla a Cáineann úsáid Amulets

51 véarsaí Bíobla a Cáineann úsáid Amulets


Deotranaimí 27:15

Go ma malluigh an duine dhéanas iomháigh ghrábhálta nó leaghtha, athfhúathmhaireachd don TIGHEARNA, obair lámh an fhir ceirde, agus chuireas a nionad uáighneach í. Agus freagoruidh an pobal uile agus déaruid, Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 19:19

Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 21:8

Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 8:4

Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 9:20

Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 17:29

Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 36:25

Annsin croithfidh mé uisge glan oruibh, agus beithí glan: ó bhur nuile shalchar, agus ó bhur nuile iodhaluibh, sgagfa mé sibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eaxodus 20:4-5

Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 5:8-9

Ní dhéana tú dhuit féin íomháigh ar bith ghrabhálta, nó cosamhlachd neithe ar bith dá bhfuil a bhflaitheamhnus shúas, nó dhá bhfuil san talumh shios, nó dhá bhfuil ansna huisgedhibh faói an talumh: Ní chláonfa tú thú féin sios dóibh ní dhéana tú serbhís dóibh: óir misi an TIGHEARNA do Dhía is Día éudmhar mé, agrus cionnta na naithreadh ar an gcloinn go nuige an treas agús an ceathrámhadh glún don mhéid fhuáthuighios mé,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 7:25-26

¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é. Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireachd chum do thighe, deagla go mbeitheá ad ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh tú é thríd amach, agus biáidh gráin ort roimhe go hiomlan; oír is ní malluigh é.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 19:26-28

¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe. Ní bhearrfuidhe mulluighe bhur gceann, agus ní mó mhillfeas tú coirnéul thféasoige. Ní dhéantaoi gearradh ar bith ion bhur bhfeóil ar son na marbh, nó comhartha ar bith do chlóghughádh ionnuibh: misi an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Croinicí 33:6

Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eaxodus 22:18

Ní fhuíleonga tú bean phiseógach do mharthuinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 10:2-5

Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin. Do milleadh mo thabernacuil, agus do briseadh mo chórdadha uile: dimthigh mó chlann amach asam, agus ní bhfuilid ann: ní bhfuil áon do shínfeadh mo lóistín amach ní as mó, agus do chuirfeadh mo chúirtíne súas. Oír atáid na háodhuirighe brúideamhuil, agus níor íarradar an TIGHEARNA: uimesin ní bhéuruid síad biseach, agus scabfuighear a ttréada uile. Féuch, tháinic fúaim an tormáin, agus comhchorrughadh mór ón tuáisceart, do dhéanamh caithreach Iúdah áonránach, agus na húamhaigh dhragún. ¶ O a THIGHEARNA, atá a fhios agam nach ann féin atá slighe an duine: ní hannsa duine shiúbhluighios atá díorghadh a choiscéimeadh. A THIGHEARNA, smachtuigh mé, acht maille re breitheamhnus; ní ann thfeirg: deagla go ndeanta neimhní dhíom. Dóirt amach do dhíbhfhearg ar na geintibh dá nach athnid thú, agus ar na muinntearuibh nach goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do shluigiodar é, agus do chaitheadar é, agus do rínneadar a áitreabh uáigneach. Oír atáid gnátha an phobail díomhaóin: óir gearruidh aon amach crann as an bhforaois, obair lámh a noibrighe, leis an ttuáigh. Maisighid é le hairgiod agus le hór; ceangluid síad é le tairngibh agus le geannairibh, go nach corruighionn sé. Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 47:13-15

Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort. Féuch, biáidh síad amhuil connlach; loisgfidh an teine íad; ní thárthochuid íad féin ó neart na lasrach: ní bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó teine do shuighe aice. Marso bhéidh síad dhuit an drong le ar sháothruighis, do cheannuighthe, ód óige: seachránfuidh gach áon díobh dá cheathramhuin féin; ní dhídeonuigh áoinneach thusa.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Ríthe 23:24

¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 18:10-12

Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 19:26

¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 2:6

¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 19:31

¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 5:21

A chlann bheag, coimhéuduigh sibh féin air iodhaluibh. Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 13:18-20

Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg do na mnáibh fhuáighidhiosclúascháin ar na huile uilleannuibh, agus do ní ciarsúir air cheann gach aóin státuir dfíadhach anmann! An mbeithí ag fíadhach anmann mo phobailsi, agus an ccuimhdeochthaói béo anmanna na druinge thig chugaibh? Agus an trnáilleochthaói misi a measc mo phobail féin air dhornánuibh éorna agus air chotchaibh aráin, do mharbhadh na nanmann nach éugfadh, agus do chumhdach na nannman mbéo nach mairfeadh, le bhur ndéanamh bréag rem mhuinntirsi noch chluinios bhur mbréaga? A mhic an duine, tairrghir a naghuidh fhágh Israel noch thairrghirios, agus abairsi ris a ndroing thairrghirios as a ccroidhthibh féin, Eistighsi bríathar an TIGHEARNA; Uimesin, is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi a naghaidh bhur bpiléur, leis a ndéantaói fíadhach annsin a na hannmanuibh dá ccur a tteitheamh, agus brisfe mé ó bhur nascalluibh íad, agus léigfe mé na hanmanna dimtheacht, eadhon na hanmanna ar a mbeithíse ag fíadhach dá ccur a tteitheamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Hóisé 4:12

¶ Iarruid mo dhaóine comhairle air a smotánuibh, agus foillsighidh a mbata dhóibh: óir thug spiorad an stríopachuis orra dul air seachrán, agus do chúadar do stríopachus ó bheith faói na Ndía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Míocá 5:12

Agus geárrfa mé piseóga amach as do láimh; agus ní bhiáidh fáistinigh agad ní is mó:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Irimia 10:5

Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Míocá 5:12-13

Agus geárrfa mé piseóga amach as do láimh; agus ní bhiáidh fáistinigh agad ní is mó: Geárrfa mé fós híomháighe grábhálta, agus híomháighe feasta a mach as do lár; agus ní aidheora tú ní is mó obair do lámh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 4:8-9

Achd an tan sin ar mbeith dháoibh gan eólas Dé aguibh, do bhíodh sibh ag seirbhís do na déeibh, nach bhfuil na ndéeibh ó naduir. Achd a nois, ó átá eólas Dé aguibh, nó fós eólas Dé oruibh, cionnas fhilleas sibh a rís ar na céudthosuíghibh eugcruáidhe uireasbhacha, dár mían rubh bheith a rís fá dháoirse?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Ríthe 14:9

Acht go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic romhad: óir do imthigh tú agus do rinne tú dhuit féin dée oile, agus íomhaighe leaghtha, dom bhrostughadhsa chum feirge, agus do theilg tú misi táobh shiar dot dhruim:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 3:18-20

Annsa lá sin béaruidh an TIGHEARNA as breághachd a cculadh bhfuáimneach, agus a noibreacha líonruidh, a néuduighe cruinne cosmhuil ris an ngéaluidh, Na slabhruidhe, agus na bráisléid, agus na muifléid, An duine láidir, agus an fear cogaidh, an breitheamh, agus an fáidh, an glic, agus an sean, Na buinéid, agus coisbheart na ccos, agus na cinnbheirte, agus na taibléid, agus na clúaisfáinnidhe,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 2:20-22

Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd ó chéudthosuighibh an domháin, créd, fá bhfuil sibh mar dhaóinibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh, Ná bean ris; na blais; na láimhsigh; Noch théidh uile a dtruáilleadh ré na gcleachdadh; do réir aitheantadh agus theaguisg na ndaóine?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:20

Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 30:22

Truaillfighthí fós folach híomháigheadh greanta dairgiod, agus córughadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh tú uáit íad amhail éadach salach; a déara tú ris, Imthigh as so.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Léivític 20:6

¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Hóisé 13:2

Agus anois peacuighid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar iomháighe leaghtha dá nairgiod, agus iodhail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreacha na bhfear ceirde: a deirid dá ttáobhsan, Na daóine iodhbras pógaidís na laóigh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Deotranaimí 12:3

Agus scriosfuidhe síos a naltóra, agus brisfidhe a bpileiri, agus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh; agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhalta a ndée, agus scriosfuidhe a nanmanna amach as a náit sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 2:8

Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 22:15

Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 10:14

Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Gníomhartha 16:16-18

Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh: Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte. Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 115:4-8

Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad: Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 2:8

Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 1:25

Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 135:15-18

Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 40:18-20

¶ Marsin cía ré saimhleochuidhe Día? no cía an chosamhlachd chuirfidhe iona choimhmeas? Leaghaidh an fear oibre íomháigh ghreanta, agus folchaidh céard a nóir í timchioll le hor, agus teilgidh sé slabhradha airgid. Labhruidh go meisneamhuil ré Hierusalem, agus fúagruidh dhi, gur críochnuigheadh a cogadh, gur maitheadh a héigceart: óir do ghlac sí as láimh an TIGHEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaidh. An té bochtuighthear mar sin, ionnus nach bhfuil ofráil aige toghuidh sé crann nach lobhann; íarruidh sé chuige oibrigh glic dullmhughadh íomháighe greanta nach ccorrochthár.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eizicéil 13:20

Uimesin, is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi a naghaidh bhur bpiléur, leis a ndéantaói fíadhach annsin a na hannmanuibh dá ccur a tteitheamh, agus brisfe mé ó bhur nascalluibh íad, agus léigfe mé na hanmanna dimtheacht, eadhon na hanmanna ar a mbeithíse ag fíadhach dá ccur a tteitheamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 8:19-20

Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:24

Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 10:20-21

Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí