Tá cineál grá ann nach ó Dhia a thagann, nach é an grá fíor íon a mhúineann Dia dúinn. Tá an grá seo mícheart, mar is féidir leis ualaí, marbhántacht, agus amanna deacra a chruthú.
Níl an cineál grá seo treoraithe ag spiorad Dé agus, in ionad a bheith comhchuí agus aontaitheach, cruthaíonn sé easaontais mhóra. Mhúin Pól don Eaglais i gCorant faoin saol Críostaí agus thug sé rabhadh dóibh faoi cheangal go míchothrom le daoine nach gcreideann, mar go bhfuil creidmhigh agus neamhchreidmhigh ina n-easurraim, cosúil le solas agus dorchadas, agus níl aon rud i bpáirt acu.
An rud céanna a tharlaíonn nuair a bhíonn suim ag leanbh Dé i nduine nach bhfuil Críost glactha aige/aici ina chroí fós agus nach bhfuil tiontú fíor faighte aige/aici. Mar sin, tá sé ríthábhachtach ligean do Dhia treoir a thabhairt agus gan cinntí deifriúla a dhéanamh.
Níl aon chúis le bheith i gcaidreamh leis an dorchadas, mar sa deireadh tá an baol ann go mbeidh tú cosúil leo siúd nach bhfuil eagla Dé orthu. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach duine a aimsiú a roinneann an paisean agus an dúthracht chéanna do Dhia, áit ar féidir leat a mhaitheas a fháil agus rudaí móra a dhéanamh ina ainm.
Agus duine le do thaobh nach gcuireann i do choinne, ach a spreagann chun cinn agus chun fás le chéile ag comhlíonadh thoil Íosa. Mar a deirtear i 1 Eoin 2:15, ná gráigh an domhan ná na rudaí atá sa domhan. Má ghráionn duine an domhan, níl grá an Athar ann/inti.
Ní mó dhéanas tú pósadh ar bith riú; ní thiubhra tú hinghean dá mhac, agus ní ghlacfa tú a inghion dod mhac. Oír fillfid síad do mhae ó misi leanmhuin, chum serbhísi do dhéanamh do dheéibh oile: mar sin bhías fearg an TIGHEARNA ar na lasadh ad aghaidh, agus léirscriósfa sé thú go hobann.
Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
Oír a deir an TIGHEARNA, Dia Israel, gur fuáth leis cur air siubhál: óir foluighidh aon foireígion lé na éadach, a deir TIGHEARNA na slógh: uime sin tugaidh aire dá bhur spioraid, iondus nach déantaói go míochoinnghiollach.
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?
A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas? No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.
Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é. Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha. Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn. Oír gá fios duit, a bhean, nach sláinneochthá an fear? nó gá fios duit, a fhir, nach slainneochtha an bhean?
¶ Nó má théighthi air éanchor air gcúl, agus má ghreamuighthí dfuighioll na ccineadhachsan, noch mháirios bhur measc, agus go ndéantaói cleamhnus ríu, agus go rachthaoi a steach chuca, agus íadsan chugaibhsi: Biodh a fhios aguibh go dearbhtha nach gcuírfidh bhur TTIGHEARNA Dia ní sa mó éainneach do na cineadhachaibhsi amach romhuibh; ach béid na bpaintéaruibh agus na ndúluibh dhaóibh, agus na scíursaidhibh ann bhur ttáobhuibh, agus na ndealguibh ann bhur súilibh, nó go nimithid seachad as an ndúithche mhaithsi thug bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.
Do na cineadhachaibh a ttaobh ar labhair an TIGHEARNA re cloinn Israel, Ní reachtaóise a steach chugthasan, ní mo thiocfaid síadsan a steach chugaibhsi: oír go deimhin iompochuid síad bhur ccroidhthe do leaumhuin a ndee: do ghreamuidh Solamh díobhsa a ngrádh.
Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Anois ar a nadhbharsin ná tugaidhse bhur ningheana dá macaibh, agus ná gabhuidh a ningheana dá bhur macaibh, ná híarruidh a síothcháin nó a saidhbhrios go bráth: chor go mbeithí laídir, agus go niostaói maithios na talmhan, agus go bhfúigfidhe é na oighreacht ag bhur ccloinn go bráth.
Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.
Do na cineadhachaibh a ttaobh ar labhair an TIGHEARNA re cloinn Israel, Ní reachtaóise a steach chugthasan, ní mo thiocfaid síadsan a steach chugaibhsi: oír go deimhin iompochuid síad bhur ccroidhthe do leaumhuin a ndee: do ghreamuidh Solamh díobhsa a ngrádh. Agus rug deirbhshiúr Thaphenes a mhac Genubat dhó, noch do oil Taphenes a ttigh Phárao: agus do bhí Genubat a tteaghlach Phárao a measc mhac Phárao. Agus a nuáir do chúaluidh Hádad san Négipt gur choduil Dáibhi a bhfochair a aithreadh, agus gur marbhadh Ióab caiptín an tslóigh, a dubhairt Hádad re Phárao, Léig dhamh imtheachd go ndeachuidh mé dom thír féin. Ann sin a dubhairt Phárao ris, Acht cred is easbhuidh dhuit am fhochairsi, féuch, as a níarran tú dul dot thír féin? Agus do fhreagair seision, Ni headh: achd ar a shonsin léig dhamh imtheachd ar gach éanchor. ¶ Agus do chorruigh Día námhuid oile súas na aghaidh, Reson mac Eliada, noch dó theith ó na thighearna Hádadeser rígh Sóbah: Agus do chruinnigh sé daóine chuige, agus do rinneadh caiptín ós cionn cuidéachda dhe, a nuáir do mharbh Dáibhi daóine Shóbah: agus do chúadar go Damascus, agus do áitigheadar ann sin, agus do bhí sé na rígh an Damascus. Agus do bhí sé na námhuid ag Israel ar feadh shaoghail Sholuimh, taobh amuigh don olc do rinne Hádad: agus do fhúathaigh se Israel, agus do bhí na rígh ós cionn na Síria. ¶ Agus Ieroboam mac Nébat, Ephratíteach as Sereda, searbhfhoghantuigh Sholuimh, (noch ar bhe ainm a mhathar Seruah, baintreabhach), do thóg seision fós a lámh súas a naghaidh an rígh. Agus do bé so an tadhbhar as ar thóg sé súas a lámh a naghaidh an rígh: do thóg Solumh Millo, agus do leasuigh se beárrnadha chaíthreach Dháibhi a athar. Agus do bhí an duine sin Ieroboam na dhuine arrachdach a ngaisgidhe: agus mar do chonnairc Solamh go raibh an tógánach tionnscantach, do rinne sé úachdaran de ós cionn chúruim thighe Ióseph uile. Agus tárla a núair sin an tan do chúaidh Ieroboam amach as Ierusalem, go bhfuáir an fhaídh Ahiiah an Silóníteach é annsa tslighe; agus do ghabh uime éadach núadh; agus do bhádar aráon leó fein san mhachaire: Agus do bhádar seachd ccéud bean aige, bainphrionsadha, agus trí chéud leannán: agus diompoigheadar a mhná a chroidhe.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
Tuilleamh eile, ní luighfe tú go colluidhe lé mnáoi do chomharsan, dot thruáilleadh féin lé.
Acht do ghrádhuigh an righ Solumh morán ban coimhíghtheach, (maille re hinghin Pharao), mna do na Moabitigh, Amonítigh, Edomítigh, Sidónianuigh, agus Hititigh;
¶ Annsna láethibhsin fós do chonnairc mé Iúdúighthe do phós mná ó Asdod, ó Ammon, agus ó Mhoab: Agus do labhradar a clann leath a tteanguidh Asdod, agus níor fhéadadar labhairt san teanguidh Iúduighe, achd do réir theangtha gacha pobail. Agus do ghabh fearg misi ríu, agus do mhalluidh mé íad, agus do bhuáil mé cuid aca, agus do tharruing mé a ngrúaga, agus thug mé orra Día do thabhairt mar mhionnuibh, ghá rádh, Ní thiubharthaói bhur ningheana dá macaibh, agus ní ghéubhthaói a ningheana dá bhur macaibh, nó dhaóibh féin. Nach ar pheacuigh Solumh rígh Israel leis na neithibhsi? gidh nach raibh a niomad críoch a leithéid do rígh, noch dob ionmhuin le na Dhía, agus do rinne Día rígh dhe ós cionn Israel uile: thairis sin thug mná coimhíghtheacha airsion féin peacughadh. A néistfimne maiseadh ribhsi ag déanamh a nuilc mhóirsi uile, do shárughadh a naghaidh ar Ndé lé pósadh ban coimhightheach?
Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil: Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Agus do thóg Día an Tighearna súas, agus tóigeabhaidh sé sinne súas ré na chúmhachdaibh féin mar an gcéadna. A né nach bhfuil a fhios aguibh gur boill do Chríosd bhur gcuirp? uime sin an dtoigeubhaidh misi boill Chríosd, chum ball sdríopaidhe do dhéunamh dhíobh? nár léige Día sin. A né, nach bhfuil a fhios aguibh an tí atá ceangailte do sdríopaidh gur éunchorp ría é? óir bíaidh, ar sé, días na naóinfheóil.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Agus do chúala mé gúth eile ó neamh ag rádh, Tigidh amach aisde, mo phobalsa, deagla bheith díbh pártach ré na peacaidhibh, agus pairt dfagháil díbh dhá plághuibh.
Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,
Uime sin ná bíghídh na gcumann. Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais.
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Ná cuir lámha go hobann ar áoinneach, agus ná bí pártach ré péacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios: Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.