Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d'iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Acht do ghrádhuigh an righ Solumh morán ban coimhíghtheach, (maille re hinghin Pharao), mna do na Moabitigh, Amonítigh, Edomítigh, Sidónianuigh, agus Hititigh;

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:1
20 Tagairtí Cros  

Rinne sé amhlaidh dá mhná coigríocha go léir a d'ofráladh túis agus íobairtí dá ndéithe.


Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.


Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.


Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.


Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.


Bhí siadsan go léir pósta le mná deoranta; chuir siad ar shiúl iad, [idir mhná agus chlann].


Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -


ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.”


nó b'fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n‑iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean.


Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;


Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.


Feicfidh do shúile nithe aisteacha, agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.


Ná caith do neart go léir le mná, ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.


Le thú a chosaint ar an drochbhean, ar theanga shéimh na mná deoranta.


Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair.


Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.


Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí