Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 9:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Anois ar a nadhbharsin ná tugaidhse bhur ningheana dá macaibh, agus ná gabhuidh a ningheana dá bhur macaibh, ná híarruidh a síothcháin nó a saidhbhrios go bráth: chor go mbeithí laídir, agus go niostaói maithios na talmhan, agus go bhfúigfidhe é na oighreacht ag bhur ccloinn go bráth.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 9:12
17 Tagairtí Cros  

I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách.


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.”


Ná déan conradh ar bith leo, ná lena ndéithe.


Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.


An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.


Má thoilíonn sibh a bheith umhal, íosfaidh sibh de thoradh na talún;


Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.


Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.


Ná déan cleamhnas leo; ná tabhair iníon leat do mhac díobh, agus ná tóg iníon leo do mhac leat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí