Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 9:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 “Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus tar eís a ttáinic oruinn fár ndroichghníomhuibh, agus far ccoir mhóir, ó phianuidh tusa sinn ó ar Ndía níos lugha ná mar do thuill ar bpeacadh, agus thug tú fuásgladh dhumn mar so;

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 9:13
11 Tagairtí Cros  

Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”


Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.


Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.


Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.


Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.


Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.


An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí