Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 D’á bhrigh sin déanaidh‐se urnaighe mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, go naomhuightear t’ainm;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, bíodh dʼainm á naomhú,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Is mar seo, dá bhrígh sin, a dhéanfas sibh urnaighe: Ár n-Athair, atá ar neamh, go naomhthar d’ainm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Air a nadhbharsin déanaidhsi bhur nurnúighe mar so. Ar Nathaír atá ar neamh, Náomthar hainm.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Seo mar a dhéanfaidh sibh-se guí: Ár nAthair, atá ar Neamh, go naofar dʼainm;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:9
43 Tagairtí Cros  

Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar:


Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh.


Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar.


D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se.


Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.


Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht.


Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna;


Acht nuair bhíos tusa ag déanamh urnaighe, téir isteach id’ sheomra, agus dún an doras, agus cuir do ghuidhe chum t’Athar do‐fheicsiona, agus t’Athair do‐chí a bhfhuil fá cheilt, cúiteochaidh sé leat.


D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?


Éireochad agus rachad chum m’athar, agus adéarfad leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se:


Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit.


Glóir do Dhia ins na flaitheasaibh is aoirde, Agus ar talamh síothcháin do lucht déighmhéine.


Ádubhairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní chuadhas suas chum an Athar fós: acht téigh chum mo bhráithreach, agus abair leo, Atáim ag dul suas chum m’Athar‐sa agus bhúr nAthar‐sa, agus chum mo Dhé‐se agus bhúr nDé‐se.


mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Óir ní fhuair sibh spiorad na daoirse chum bheith fá eagla arís: acht fuair sibh spiorad uchtcachta, tríd a nglaodhaimíd, Abbá, a Athair.


Pól, abstal (ní ó dhaoinibh, agus ní tríd an duine, acht tré Íosa Críost, agus tré Dhia, an tAthair, do thóg ó na marbhaibh é),


Agus de bhrigh gur clann‐mhac sibh do chuir Dia uaidh Spiorad a Mhic isteach ’n‐bhur gcroidheachaibh, g‐á ghlaodhach, Abba, a Athair.


an té amháin ag a bhfuil an do‐mharbhthacht, chómhnuigheas i solas do‐shroichte; an té nach bhfaca súil duine ariamh, agus nach bhféadann aon duine a fheicsin: dó‐san go raibh an onóir agus an chumhacht síorraidhe. Amen.


Agus má ghlaodhann sibh airsean mar Athair, do‐bheir breith do réir oibre gach duine, gan meas do thabhairt ar phearsain duine seachas a chéile, caithidh aimsear bhur ndeoraidheachta le h‐eagla:


g‐á rádh, Is fiú thú, a Thighearna agus a Dhia an ghlóir agus an onóir agus an chumhacht d’fhágháil: óir is tú do chruthuigh na h‐uile neithe, agus is ded’ thoil‐se atá siad ann, agus do cruthuigheadh iad.


g‐á rádh de ghuth árd, Is fiú an tUan atá íodhbartha an chumhacht, agus an saidhbhreas, agus an eagnaidheacht, agus an neart, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an moladh d’fhágháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí