Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Acht má bhíonn do shúil go h‐olc, béidh do chorp ar fad sa dorchacht. D’á bhrigh sin, má’s dorchacht an solas atá ionnat, cad é mar dhorchacht í!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Acht má bhíonn do shúil olc, béidh do chorp uilig dorcha. Dá bhrígh sin, má’s dorchadas an solus a bhíos ionnat, cad é méid an dorchadais féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha. Air a nadhbharsin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Ach má bhíonn do shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór an dorchadas é sin!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór é an dorchadas é sin!

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:23
22 Tagairtí Cros  

Nach dleaghthach dom an nidh is toil liom do dhéanamh lem’ chuid féin? Nó an bhfuil droch‐shúil agat, toisc go bhfuilim‐se fial?


Is í an tsúil lóchrann an chuirp: d’á bhrigh sin, má bhíonn do shúil glan, soillsighthear do chorp ar fad.


agus adhaltrannas, agus sainnt, agus cuirptheacht, agus cealg, agus ainmhian, agus droch‐shúil, agus dia‐mhasladh, agus uabhar, agus baois:


Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas.


Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.


Ag maoidheamh as a n‐eagna dhóibh do‐rinneadh amadáin díobh,


Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta.


do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá dhorchadas aca, iad dealuighthe ó’n mbeathaidh do‐bheir Dia, de chionn an ainbhfeasa atá ionnta, de chionn cruadhais a gcroidhe;


mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.


Acht an té do‐bheir fuath d’á bhráthair, atá sé san dorchadas, agus atá sé ag siubhal san dorchadas, gan a fhios aige cá bhfuil a thriall, toisc a shúile bheith dallta ag an dorchadas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí