Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus fá mar bhí i laethibh Naoi, mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus mar a bhí le linn Naoi, is amhlaidh fosta a bhéas teacht Mhic an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd Mhic an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:37
14 Tagairtí Cros  

Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann, tháinig na deisceabail chuige ar leithridh, g‐á rádh. Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin chum críche? agus cad é cómhartha do theachta, agus deiridh an tsaoghail?


agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.


agus níor mheabhruigheadar éinnidh nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe.


agus munar spáráil sé an sean‐domhan, acht gur shaor sé Naoi, bollscaire fíréan, mar aon le h‐ochtar eile, nuair thug sé díle ar dhomhan na neimh‐fhíréan:


agus d’á bhrigh sin, go dtáinig an t‐uisce ’n‐a dhílinn ar an domhan do bhí ann an uair sin, gur gur scriosadh é: acht na spéartha agus an talamh atá ann anois,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí