Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Acht ní fhuil fios an lae agus na h-uaire sin ag aoinneach, fiú ag aingle na bhflaitheas féin, acht amháin ag an Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:36
10 Tagairtí Cros  

Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.


D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine.


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.


Acht i dtaobh an lae úd, agus i dtaobh na h‐uaire úd, ní fhuil a fhios sin ag aoinneach, fiú amháin ag na h‐ainglibh, ná ag an Mac, acht amháin ag an Athair.


Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin.


Óir atá a fhios agaibh go maith go dtagann lá an Tighearna mar thagann gadaidhe san oidhche.


Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí