Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 24:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Óir, fá mar bhíodar ins na laethibh roimh an dílinn, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san airc,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Óir mar a bhíodh siad ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, ins na laethe roimh an dílinn, go dtí an lá ina ndeachaidh Naoi isteach san airc,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:38
16 Tagairtí Cros  

Óir san aiséirge ní póstar daoine, ná ní tugtar le pósadh iad, achth bíonn siad cosmhail le h‐ainglibh Dé ar neamh.


Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach.


Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;


Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí