Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaid‐sean a lán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaidh siad mórán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:11
13 Tagairtí Cros  

Agus de dheascaibh na cuirptheachta bheith ag dul i méid, fuaróchaidh carthannacht móráin.


Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.


Óir tiocfaidh mórán im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán.


Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh.


óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é.


agus éireochaidh daoine dhíbh féin, labharfas as saobhchainnt, d’fhonn na deisceabail do tharraing ’n‐a ndiaidh.


Acht adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfidh cuid de na daoinibh an creideamh ins na h‐aimsearaibh deireannacha, ag tabhairt aire do spioraidibh mealltacha agus do theagascaibh deamhan,


Acht d’éirigh fáidhe bréige i measc an phobail, agus béidh lucht teagaisc bhréige ’n‐bhur measc‐na, leis, daoine bhéarfas isteach siosmaí millteacha, ag séanadh an Mháighistir féin do cheannuigh iad, ag tarraing scriosta obainn ortha féin.


A chlann bheag, atá an uair dheiridh ann: agus mar chualabhar go bhfuil ainchríost le teacht, atá á lán ainchríost ann cheana féin; air so aithnighmídh go bhfuil an uair dheiridh ann.


Do scríobhas an méid seo chugaibh i dtaobh na ndaoine do sheolfadh amudha sibh.


A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal.


Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin.


Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí