Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus níorbh fhéidir le h‐aon duine oiread agus focal do rádh g‐á fhreagairt, ná níor lámh aon duine ó’n lá sin amach ceist do chur air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Agus níor fhéad aon duine focal de fhreagra a thabhairt air, agus ní raibh sé de dhánaíocht acu ón lá úd amach tuilleadh ceisteanna a chur air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Agus ní tháinic le duine ar bith focal a rádh mar fhreagair air, agus ó’n lá sin amach ní raibh sé de dhánacht i nduine ar bith aon cheist eile a chur air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air, agus níor lamh éinneach ón lásin suás ní ar bith dfíafruighe dhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá dá fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:46
12 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar. Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.


Má ghoireann Dáibhi Tighearna dhe, cionnas atá sé ’n‐a mhac aige?


Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach.


Agus nuair adubhairt sé na neithe sin, do chuir sé náire ortha‐san do bhí ’n‐a aghaidh: agus do bhí an‐áthas ar an sluagh de bhárr na neithe glórmhar go léir do bhí aige d’á ndéanamh.


Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leigheas sé é, agus do chuir sé ar a bhealach é.


Agus níorbh fhéidir leo freagra do thabhairt air sin.


Agus níor lámhadar ceist do chur air as sin amach.


Agus nuair chonncadar an fear a leigheasadh ’n‐a sheasamh ’n‐a n‐aice, ní raibh focal le rádh aca ’n‐a aghaidh.


Is mise Dia do shinnsear, Dia Abrachaim agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Agus do bhí Maois ar crioth, agus níor lámh sé féachain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí