Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo láimh dheis, Go gcuiread do náimhde fá do chosaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde faoi do chosa?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Dubhairt an Tighearna le mo Thighearna: Suidh ar mo dheis go dtí go gcuiridh mé do náimhde ina stól faoi do chosa?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:44
20 Tagairtí Cros  

Má ghoireann Dáibhi Tighearna dhe, cionnas atá sé ’n‐a mhac aige?


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé.


Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad.


D’fhreagair Tomás, agus adubhairt sé leis, Mo Thighearna agus mo Dhia thú!


agus Sostenes ár mbrátair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, chum na ndaoine atá naomhuighthe i nÍosa Críost, do glaodhadh chum bheith’n‐a naomhaibh, maille leis na daoinibh uile ins gach áit ghlaodhas ar ainm Íosa Críost, a dTighearna‐san agus ár dTighearna féin:


Óir caithfidh sé bheith ’n‐a righ nó go gcuiridh sé a náimhde uile fá n‐a chosaibh.


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


Acht cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Suidh‐se ar mo dheas‐láimh, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fad’ chosaibh?


Is é lonnradh a ghlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congbhuigheas gach uile nidh le chéile le briathar a chumhachta; nuair do bhí na peacaidhe glanta aige, do shuidh sé síos ar dheas‐láimh na Mórdhachta i n‐áirde;


ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé.


Agus do chonnacas an t‐ainmhidhe agus righthe an domhain, agus a shluaighte cruinnighthe le chéile chum cogadh do chur ar an té do bhí ar muin an eich, agus le n‐a shluagh‐san.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí