Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Shocraigh sé leis na hoibrithe ar dhéanar an lá, agus chuir sé isteach ina fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus i ndiaidh réidhteach a dhéanamh leis na h-oibridhthe ar phighinn san lá, chuir sé isteach chun a fhíonghuirt iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíon-ghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:2
24 Tagairtí Cros  

Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort.


Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort.


Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé le duine aca, A chara, ní fhuilim ag déanamh éagcóra ort: nach ar phinginn do réidhtíghis liom?


Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh;


Agus nuair tháinig siad‐san do fostuigheadh timcheall na h‐aonmhadh h‐uaire déag, fuair gach duine aca pinginn.


Taisbeán dom airgead na cánach. Agus thugadar pinginn dó.


Annsin adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach, is mór é an fóghmhar, acht is gann iad na h‐oibridhthe.


An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í.


Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.


Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís.


Cia leis an iomháigh agus an inscríbhinn atá uirthi? Agus adubhradar, Le Céasar.


agus ó bhís id’ leanbh go raibh eolas agat ar na naoimh‐scrioptúiribh fhéadas thú do dhéanamh eolgach chum slánuighthe tré chreideamh i nÍosa Críost.


Agus do chualas mar bhéadh guth i lár na gceithre n‐ainmhidhe g‐á rádh, Miosúr cruithneachtan ar phinginn, agus trí mhiosúr eornan ar phinginn: acht ná déan dochar do’n ola ná do’n fhíon.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí