Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 “Mar tá ríocht neimhe mar cheann tí a dʼimigh ar moch maidine ag fostú oibrithe le haghaidh a fhíonghoirt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe a chuaidh amach go luath ar maidin le lucht oibre d’fhostódh dá fhíonghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Oir is cosmhuil an ríoghachd neamhdha ré fear tighe áirighthe, do chúaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar túarasdal ann fhineamhuin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 “Óir is iad dála Ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:1
22 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort:


Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín.


Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:


Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad.


Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort.


g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe do‐rinne bainis d’á mhac,


A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!


Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta.


Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh.


Is mise an fhíneamhain fhíor, agus is é m’Athair an fíon‐tsaothruightheoir.


Uime sin, a bhráithre ionmhaine, bidhidh diongbhálta, do‐chorruighthe, lán‐dícheallach i gcómhnaidhe i ngnó an Tighearna, agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar san Tighearna gan toradh.


go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí