Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Shocraigh sé leis na hoibrithe ar dhéanar an lá, agus chuir sé isteach ina fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus i ndiaidh réidhteach a dhéanamh leis na h-oibridhthe ar phighinn san lá, chuir sé isteach chun a fhíonghuirt iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíon-ghort iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:2
24 Tagairtí Cros  

D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.


Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort.


Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; a dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom?


Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh;


Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh.


Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin.


Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach.


Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é.


Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.


Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é.


Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí