Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Mar sin béidh an dream deireannach ar tosach, agus béidh an dream tosaigh ar deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Sin mar bhéas an mhuinntir dheiridh ar toiseach, agus an mhuinntir thoisigh ar deireadh. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus ní fhuil toighte acht beagán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:16
18 Tagairtí Cros  

Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh; agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.


Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.


Óir atá glaoidhte ar mhórán, acht ní fhuil toghtha acht beagán.


Téighidh isteach an doras cumhang: óir is fairsing an doras, agus is leathan an bealach sheolas fá dhéin an léirscriosta, agus is iomdha duine ghabhas é.


Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh: agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.


Oir adeirim libh, nach mblaisfidh duine dhíobh siúd fuair cuireadh blúire dem’ fhéasta.


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh.


mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása:


Agus an méid díobh do réamh‐oirdnigh sé, do ghlaodh sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ghlaodh sé, d’fhíréanuigh sé iad: agus an méid d’fhíréanuigh sé, do ghlóirigh sé iad mar an gcéadna.


Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineadhaigh, nach raibh ag lorg fíréantachta, do fuair fíréantacht, is í sin an fhíréantacht thig ó chreideamh:


Ar an adhbhar sin do‐bheirimíd buidheachas gan stad do Dhia, de bhrigh, nuair ghlacabhar briathar teachtaireachta Dé uainn, gur ghlacabhar é, ní mar bhriathar daoine, acht (mar is é go fírinneach) mar bhriathar Dé oibrigheas ionnaibh‐se chreideas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí