Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do bhí Íosa ag dul suas go h‐Iarúsalem, thug sé an dáréag deisceabal i leathtaoibh, agus sá tslighe dhó adubhairt sé leo,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus ag dul suas go h-Ierusalem do Íosa, thug sé an dá dheisciobal déag i leath taoibh, agus dubhairt leo:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá dheisciobal déag leis fa leith ann sa tsligh, agus a dubhairt sé ríu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Bhí Íosa ag dul suas go hIarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:17
8 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é.


Agus nuair tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesarea Philib, d’fhiafruigh sé d’á dheisceablaibh, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine?


Lá ar n‐a bhárach, do bhí sluagh mór díobh‐san tháinig chum na féile, agus nuair do‐chualadar go raibh Íosa ag teacht go h‐Iarúsalem,


Ní seirbhísigh ghlaodhaim oraibh feasta; óir ní h‐eol do’n tseirbhíseach céard do‐ghní a thighearna: acht thugas cáirde oraibh; óir gach a gcualas óm’ Athair thugas le fios daoibh‐se.


acht d’fhiadhnaidhthibh do bhí toghtha ag Dia roimh ré, dúinne, do bhí ag ithe agus ag ól ’n‐a fhochair tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí