Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus má bheir do shúil adhbhar scannail duit, srac amach í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐shúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus thú chaitheamh i n‐ifreann na teineadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus más ábhar peaca duit do shúil pioc amach agus caith uait í; is fearr duit dul isteach go tír na mbeo ar aon súil ná do chaitheamh i dtinte ifrinn le dhá shúil i do cheann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus má bheir do shúil scainneal duit, stróc amach, agus caith uait í. Is fheárr duit dul isteach san bheatha ar leath-shúil, ná dhá shúil a bheith agat, agus tú do theilgean isteach i dteinidh ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus má bheir do shúil adbhar oilbhéime dhuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, n dhá shuil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra duit dul isteach ’sa bheatha ar leath-shúil ’ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá shúil agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine Ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:9
11 Tagairtí Cros  

Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin?


Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe.


Agus adubhairt seisean leis, Cad chuige dhuit ceist do chur orm‐sa i dtaobh maitheasa? Ní maith aoinneach acht Aon amháin: acht má’s mian leat dul isteach sa mbeathaidh, coimhéad na h‐aitheanta.


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.


Agus má bhíonn do shúil ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í: is fearr duit dul isteach i ríoghacht Dé ar leathshúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann:


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Uime sin déanaimís dícheall chum dul isteach san tsuaimhneas sin, ar eagla go dtuitfeadh aon duine ’n‐a leithéid sin d’easumhlacht.


agus ní rachaidh isteach innti éinnidh neamh‐ghlan, ná aon duine do‐ghní gráineamhlacht nó bréag: acht na daoine amháin go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha i leabhar beathadh an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí