Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht ó bhí fios a smaointe ag Íosa, dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Cad é sin ar a bhfuil sibh ag smaoineadh i bhur gcroidhthe?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:22
15 Tagairtí Cros  

Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gac ríoghacht atá deaghailte innti féin, bascthar í; agus gach cathair nó líon tighe atá deaghailte i gcoinnibh a chéile, ní sheasfaidh sé:


Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh?


Agus nuair do bhí a fhios ag Íosa, adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil sibh ag diospóireacht toisc gan arán do bheith agaibh? an é nach bhfeiceann sibh, agus nach dtuigeann sibh fós? an bhfuil bhúr gcroidhe dúr fós?


Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a bhfuil buaidhirt oraibh? agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag éirghe i n‐bhúr gcroidhe?


Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?


Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh agus siubhail?


Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil?


Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí