Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus is iomdha lobhar do bhí i nIsrael le linn Éliséus fáidh; agus níor glanadh soinne aca, acht amháin Naaman an Siriach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus bʼiomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus bhí mórán lobhar i n-Israél le linn Eliséuis, fáidh, agus níor glanadh aoinneach acu acht Naaman, an Síreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman an Síriánach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Siriach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:27
10 Tagairtí Cros  

cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus d’ith sé arán na h‐íodhbartha, nár dhleaghthach dó‐san d’ithe, ná do’n muinntir do bhí ’n‐a fhochair, acht amháin do na sagartaibh?


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.


Agus do líonadh a raibh sa tsionagóig d’fheirg, ag éisteacht leis na briathraibh sin dóib;


An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí