Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:66 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

66 Agus nuair tháinig an lá, do chruinnigh seanóirí an phobail le chéile, idir uachtaránaibh na sagart agus na scríobhaidhthibh; agus thugadar eisean isteach ’n‐a n‐árd‐chómhairle,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

66 Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

66 Agus nuair a tháinic an lá, chruinnigh seanóirí an phobail, agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe le chéile, agus thug siad isteach ina gcómhairle é, agus dubhairt: Innis dúinn, an tusa an Críost?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

66 Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

66 Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Shgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa cómhairle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

66 Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile–uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n-ardchomhairle é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:66
7 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é.


Do threoruigheadar Íosa annsin ó Cháiafas isteach sa bPraetorium; agus do bhí moch na maidne ann; agus ní dheachadar féin isteach sa bPraetorium chum nach dtruailleochaidhe iad, acht go n‐íosfaidís an cháisc.


Bíodh a fhiadhnaise sin ar an árd‐shagart, agus ar na seanóiribh go léir: ó n‐a bhfuaras litreacha chum na mbráithreach, agus do bhíos ar mo bhealach go Damascus, chum iad‐san do bhí ann do thabhairt ceangailte go h‐Iarúsalem, chum peannaid d’fhágháil annsin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí