Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 acht do‐rinneas‐sa guidhe ar do shon‐sa, chum nach gcaillfeadh ar do chreideamh: agus nuair iompóchair neartuigh do bhráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Acht ghuidh mise ar do shon-sa, chun nach dtraothadh do chreideamh. Agus ar do thionntódh duit-se, neartuigh do bhráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 ach táim tar éis guí ar do shon-sa chun nach gclisfidh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:32
33 Tagairtí Cros  

agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith.


Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.


Agus ar an láthair do ghlaodh an coileach an dara h‐uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adhubhairt Íosa leis, Sara nglaodhfaidh an coileach dhá uair, séanfair mé fá thrí. Agus ag cuimhniú air dhó, do bhris a ghol air.


Acht imthighidh, innisidh d’á dheisceablaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go dtí an Ghalilé: do‐chífidh sibh annsin é, mar adubhairt sé féin libh.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.


Tamall beag eile, agus ní fheicfidh an saoghal mé feasta; acht do‐chífidh sibh‐se mé: óir átáim beo, agus béidh sibh‐se beo mar an gcéadna.


Déanaidh aithrighe, d’á bhrigh sin, agus iompuighidh, chum go nglanfar bhúr bpeacaidhe, agus chum go dtiocfaidh trátha fionnfhuaire ó fhiadhnaise an Tighearna;


An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis?


Fuair Críost bás, nó, dob fhearr a rádh, d’aiséirigh sé, agus atá sé ar dheasláimh Dé, agus do‐ghní sé eadarghuidhe ar ár son.


daoine do chuaidh ar seachrán ó’n bhfírinne, g‐á rádh go bhfuil an aiséirghe thart cheana, agus atá ag milleadh creidimh daoine áirithe.


Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,


ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;


D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son.


Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;


atá d’bhur gcumhdach le cumhacht Dé tré chreideamh fá chómhair slánuighthe atá ullamh le n‐a fhoillsiú ins an aimsir dheiridh.


D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise.


Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí