Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Acht cia agaibh‐se go bhfuil seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aodhaireacht caorach, agus adéarfas leis, nuair thiocfas sé isteach ó’n bpáirc, Tar anois agus suidh síos chum bidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 “An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus cé agaibh, a bhfuil seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aodhaireacht, a deir leis, ar philleadh ó’n ghort dó: Imthigh leat láithreach, agus suidh síos chun bídh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, Imthigh láithreach agus suidh chun bídh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord'?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:7
6 Tagairtí Cros  

chum go mbéadh cúis aca air. Agus adubhairt seisean leo, cia h‐é an duine agaibh, ag a mbéidh caora amháin, agus go dtuitfidh sí isteach i bpoll, lá na sabóide, nach mbéarfaidh uirthi, agus nach dtógfaidh aníos í?


Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?


Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíbh‐se, go dtuitfeadh asal nó bó leis isteach i ndíg, lá na sabóide, agus nach dtógfadh aníos é?


Agus fá mar tharla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eadh bhéas i n‐aimsir Mhic an Duine.


Agus adubhairt an Tighearna, Dá mbéadh oiread gráinne síl mustaird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do fhréamhachaibh tú, agus curtar sa bhfairrge thú; agus do‐ghéanadh sé de réir mar d’órduighis.


agus nach é adéarfaidh sé leis, Ullmhuigh nidh le n’ite dhom, agus cuir crioslach ort, agus déan friotáileamh orm, go mbéidh ithte agus ólta agam; agus ’n‐a dhiaidh sin íosfair agus ólfair‐se?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí