Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 acht an lá ’n‐ar imthigh Loth amach as Sodom, do thuit cioth teineadh agus ruibhe ó neamh anuas, gur scrios sé iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 ach an lá a dʼfhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu—

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus an lá a d’imthigh Lot amach as Sodom, fearadh teine agus brumstan ó neamh gur scriosadh iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus an lá a dh’imthigh Lot amach a’ Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 ach an lá ar imigh Lót amach as Sodam, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:29
16 Tagairtí Cros  

Ar an gcuma chéadna mar tharla i n‐aimsir Loth; do bhíodar ag ithe, agus ag ól, agus ag ceannach, agus ag díol, agus ag cur síl, agus ag tógáil tighthe;


Mar sin is eadh bhéas, an lá ’n‐a bhfoillseochar Mac an Duine.


agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin;


Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.


Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith.


ólfaidh sé d’fhíon díbheirge Dé, atá doirtthe gan meascadh i gcupán a fheirge; agus ciapfar é le teinidh agus le ruibh i bhfiadhnaise na naomh‐aingeal, agus i bhfhiadhnaise an Uain:


Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí