Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 óir fá mar lasann an teintreach ó áird amháin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncadh, mar sin is eadh bhéas Mac an Duine ’n‐a lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Óir mar shoillsigheas an splannc, a lasas faoi’n spéir, ar na neithe atá faoi’n spéir: is amhlaidh bhéas Mac an Duine ina lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach, shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neithe atá fé’n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine ’n-a lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:24
16 Tagairtí Cros  

Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.


Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire:


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh.


an té dhaingneochas sibh go deireadh, chum go mbéidh sibh gan locht i ló ár dTighearna Íosa Críost.


Óir atá a fhios agaibh go maith go dtagann lá an Tighearna mar thagann gadaidhe san oidhche.


impidhmíd oraibh, a bhráithre, gan leigean d’bhur n‐aigne bheith corruighthe go luath, ná bheith buaidheartha ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar bheadh uainne, g‐á rádh go bhfuil lá an Tighearna ann de láthair.


Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.


Bíodh foighid agaibh‐se leis, neartuighidh bhur gcroidheacha, óir ní fada uainn teacht an Tighearna.


Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí