Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus fá mar chuir Iannes agus Iambrés i n‐aghaidh Mhaoise, mar sin is eadh atá na fir sin ag cur i n‐aghaidh na fírinne; fir go bhfuil a n‐aigne truaillighthe, agus iad ar mearbhall i dtaobh an chreidimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Mar chuir lanes agus Iambres in éadan Mhaois, is mar sin a chuireann na fir seo in éadan na fírinne, fir na hintinne truaillithe agus an bhréagchreidimh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do réir mar do chuir Iannes agus Iambres a naghuidh Mhaóisi, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa a naghuidh na firinne: luch inntinne truáillighe, mearuighe a dtáobh am chreidimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n-aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:8
31 Tagairtí Cros  

De bhrigh gur clos dúinn go ndearna daoine áirithe do chuaidh amach uainn buadhirt daoibh le cainnt, ag cur mío‐shuaimhnis aigne oraibh; gan aon órdú d’fhágháil uainne:


Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh;


Óir ní do’n Tighearna Críost atá a leithéidí ag déanamh seirbhíse, acht d’á mbolg féin; agus tá siad ag mealladh croidheacha na ndaoine simplidhe le blastacht cainnte agus le bladaireacht.


chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:


ag coimheád an chreidimh agus consiais mhaith; rud atá tréigthe ag daoinibh áirithe go bhfuil long‐bhriseadh déanta de’n chreideamh aca.


tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg;


conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.


bí ar t’aire ’n‐a thaobh‐sa: óir do chuir sé go mór i n‐aghaidh ár mbriathra.


Óir is iomdha duine míriaghalta atá ann, lucht baoth‐ghlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timcheall‐ghearrtha go h‐áirithe,


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


Atá súile lán d’adhaltrannas aca, súile nach scurann de’n pheacadh; ag mealladh na n‐anmann neamh‐sheasmhach; agus atá a gcroidheacha cleachta ar an sainnt;


A chlann bheag, atá an uair dheiridh ann: agus mar chualabhar go bhfuil ainchríost le teacht, atá á lán ainchríost ann cheana féin; air so aithnighmídh go bhfuil an uair dheiridh ann.


A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal.


Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.


Acht atá an méid seo agat, go bhfuil gráin agat ar oibreachaibh na Niocaláiteach, ar a bhfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí