Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Ba mhór an gáirdeachas do chuir sé orm cuid ded’ chlainn d’fhágháil ag siubhal san bhfírinne, do réir na h‐aithne fuaramar ó’n Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ba lúcháir mhór dom é cuid de do chlann a fháil ag leanúint den fhírinne, mar a ordaíodh dúinn ón Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl sa bhfírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:4
12 Tagairtí Cros  

ní ghlacann sé droch‐amhras, ní dhéanann sé gáirdeachas mar gheall ar an éagcóir, acht ghníonn sé gáirdeachas fá’n bhfírinne;


Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach?


agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia.


mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.


Acht do‐ghním gáirdeachas mór san Tighearna, de bhrigh gur aithbheodhuigh sibh anois ar deireadh bhur gcúram im’ thaobh‐sa: is fíor go raibh sibh cúramach, acht do theastuigh faill uaibh chuige.


an té adeir go gcómhnuigheann sé ann, atá sé de dhualgas air siubhal do réir mar shiubhail seisean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí