Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Eoin 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus impidhim ort anois, a bhaintighearna, ní mar bhéinn ag scríobhadh aithne nuaidhe chugat, acht an aithne do bhí ó thús againn, grádh do thabhairt d’á chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus táim ag iarraidh oraibh anois, a bhantiarna, ní mar a bheinn ag scríobh nua-aithne daoibh, ach an aithne a bhíodh againn ó thús, grá a bheith againn dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntíghearna, (ní mar do bheinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chugad, achd na háithne do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghrádhughadh dhúinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach anois achainím ar do Shoilse–ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús–go dtugaimis grá dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:5
17 Tagairtí Cros  

Is í seo m’aithne‐se, go dtiubhradh sibh grádh d’á chéile, mar thugas‐sa grádh dhaoibh‐se.


Do‐bheirim na h‐aitheanta so dhaoibh, chum go mbéadh grádh agaibh d’á chéile.


Acht is é toradh an Spioraid, grádh, aoibhneas, síothcháin, fád‐fhulang, muinntearas, maitheas, dílse,


agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia.


Acht i dtaobh an ghrádha bhráthardha, ní gábhadh scríobhadh chugaibh: óir fuarabhar féin teagasc ó Dhia gur dual daoibh grádh do thabhairt d’á chéile,


Bíodh grádh bráthardha i gcómhnaidhe eadraibh.


Thar gach nidh eile bíodh dian‐ghrádh agaibh d’á chéile: óir cuireann an grád clúdach ar a lán mór peacaidhe.


agus diadhacht le foidhne; agus grádh bráthardha le diadhacht; agus caon‐charthannacht le grádh bráthardha.


Óir is í seo an teachtaireacht do chualabhar ó thús, gur dual dúinn grádh do thabhairt d’á chéile:


Agus is í a aithne, creideamhain i n‐ainm a Mhic Íosa Críost, agus grádh do thabhairt d’á chéile, do réir na h‐aithne thug sé dhúinn.


Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.


An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí