Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 An cruifir chuig an mbantiarna thofa agus chuig a clann, a bhfuil grá agam dóibh san fhírinne, agus ní hamháin agamsa ach ag a bhfuil fios na fírinne acu,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An, seanóir chum na bainntíghearna toghtha agus chum a cloinne, dá bhfuil mo ghrádh go fírinneach; agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh na nuile mar an gcéudna noch fuáir eólas ar an bhfírinne;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:1
25 Tagairtí Cros  

do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail;


agus aithneochaidh sibh an fhírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh.


agus do‐rinneadar sin, g‐á cur chum na seanóir tré lámhaibh Bharnabais agus Shaul.


Beannuighidh do Rúfus, fear atá sonnruightheach san Tighearna, agus d’á mháthair, atá ’n‐a máthair damh‐sa, leis.


Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach?


acht níor ghéilleamar dóibh‐sean oiread agus uair amháin; chum go bhfanfadh fírinne an tsoiscéil i gcómhnaidhe agaibh‐se.


A Ghalátacha gan chéill, cia h‐é do chuir fá dhraoidheacht sibh, gur nochtadh Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cómhair bhur súl?


Do bhí sibh ag rith go maith: cia h‐é do chuir cosc libh fá bheith umhal do’n fhírinne?


as ucht an dóchais atá i dtaisce ’n‐bhur gcómhair ins na flaitheasaibh, go gcualabhar tuairisc ’n‐a thaobh roimhe seo i mbriathar fírinne an tsoiscéil,


gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne.


Óir má ghnímíd peacadh d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’fhágháil, ní fágthar aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe,


do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh.


Iarraim d’athchuinghe ar na seanóiribh ’n‐bhur measc, mise atá im’ sheanóir, chómh maith, agus im’ fhiadhnaidhe ar ar fhulaing Críost, agus im’ rannpháirtidhe, leis, de’n ghlóir foillseochar:


An eaglais atá san mBaibiolóin, do toghadh i n‐éinfheacht libh‐se, beannuigheann sí, mar aon lem’ mhac Marcus, daoibh.


Níor scríobhas chugaibh de bhrigh nach eol daoibh an fhírinne, acht de bhrigh gur ab eol daoibh í, agus de bhrigh nach dtig bréag ar bith ó’n bhfírinne.


A chlann bheag, ná tabhraimís grádh i mbriathraibh béil, ná leis an teangain: acht i ngníomharthaibh agus i bhfírinne.


Beannuigheann clann do dheirbhsheathar toghtha dhuit.


Agus impidhim ort anois, a bhaintighearna, ní mar bhéinn ag scríobhadh aithne nuaidhe chugat, acht an aithne do bhí ó thús againn, grádh do thabhairt d’á chéile.


An seanóir chum Gáius ionmhain, d’á bhfuil grádh agam san bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí