Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 An cruifir chuig an mbantiarna thofa agus chuig a clann, a bhfuil grá agam dóibh san fhírinne, agus ní hamháin agamsa ach ag a bhfuil fios na fírinne acu,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An, seanóir chum na bainntíghearna toghtha agus chum a cloinne, dá bhfuil mo ghrádh go fírinneach; agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh na nuile mar an gcéudna noch fuáir eólas ar an bhfírinne;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:1
25 Tagairtí Cros  

níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,


agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”


Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead.


Beannaígí do Rúfas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair domsa leis í.


Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?”


ach níor ghéilleamarna oiread agus nóiméad dóibh. Chuireamar ina gcoinne le hionchas go gcoimeádfaí fírinne an dea-scéil ar láimh shábháilte daoibhse.


A Ghalatacha gan chiall, cé a d'imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta?


Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne?


toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal


Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.


Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.


de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.


Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.


Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.


Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.


A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.


Beannaíonn clann do dheirféar tofa duit.


Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.


Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí