Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Óir bhí a fhios aige gur tré thnúth a thug siad suas é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir do bhí a fhios aige gur le formad thugadar ar láimh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é a thabhairt ar láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:18
13 Tagairtí Cros  

Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.


Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha.


Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhiodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go diamhasluightheach.


Ansan, d’eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (bh’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth,


Agus tháinig formad ag na pátriárcaibh do Ióseph agus dhíoladar é isteach sa n-Éigipt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí