Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus nuair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus nuair a chuala na sluaighte sin, rinne siad iongantas dá theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus nuair do‐chuala na sluaighte é, do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus an tráth do chúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:33
8 Tagairtí Cros  

Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Tugaidh, d’á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.


Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh?


Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé.


Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo?


Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí