Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus thárla an méid seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a deir:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus tháinig sin chum críche, chum go gcóimhlíonfaidhe tarngaireacht an fháidh, mar adubhairt sé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:4
9 Tagairtí Cros  

Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:


Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air.


Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin.


Ach amáireach a bhí chúgainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem


Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí