Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:50 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil mʼAthar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Óir cibé ar bith a dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Oír giodh be neach do dhéanaidh toil Matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil mʼAthar atá ar Neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

50 óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m'Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:50
38 Tagairtí Cros  

Agus do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre.


Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige.


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.


Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre.


Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh.


Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh.


Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.


Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainbhfiosa san thairis agus ’ghá fhógairth do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aithrighe ins gach aon bhall,


Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iúdaea ar fad, agus do sna Geintibh ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h-aithrighe d’oibreachaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí