Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 An té a ghlacas le fáidh cionn is é a bheith ina fháidh gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le firéan cionn is é a bheith ina fhíréan gheobhaidh sé luach saothair fíréin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 An té a ghlacas le fáidh i n-ainm fáidh, gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le fíréan i n-ainm fíréin, gheobhaidh sé luach saothair fíréin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 An té ghlacas fáidh i n‐ainm fáidhe do‐gheobhaidh sé luach fáidhe; agus an té ghlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐gheobhaidh sé luach fíréin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 An té ghabhás fáidh a nainm fáidhe do gheabhuidh sé túarasdal fháidhe; agus giodh bé ghabhas fíréun a nainus fhíréin do gheabhaidh sé túarasdal fhíréunaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:41
27 Tagairtí Cros  

Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.


Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort?


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais.


I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó.


Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuilimse dílis do’n Tighearna tagaidh isteach am thigh agus fanaid ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn dul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí